An 4ú Craobh Uile-Éireann i nDiaidh a Chéile Ag Na Dubs

Áth Cliath 2-17 Tír Eoghain 1-14

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, 2 Meán Fómhair, 2018

GG 4 Cr

Tá neart cainte ann faoi láthair maidir le cé acu, foireann seo na Dubs nó foireann iontach Chiarraí ó dheireadh na seachtóidí agus ó thús na n-ochtóidí, an fhoireann is fearr a d’imir an cluiche riamh. Ní féidir ceist mar sin a fhreagairt. Is foirne iad a d’imir i nglúnta eile. Mar sin féin, níl foireann níos fearr ná foireann seo na Dubs feicthe agamsa ag imirt. Bhí mé ró-óg nuair a bhí foireann iontach sin Chiarraí ag tús cadhnaíochta ach tá mé buíoch go bhfuil mé beo beathaíoch le foireann seo na Dubs a fheiceáil. Is mór an onóir é.

A leithéid de fhoireann, a leithéid de bhliain.

Is mór an pribhléid é leithéidí Stephen Cluxton, Ciarán Kilkenny, Brian Fenton, Philly McMahon, Jonny Cooper, Jack McCaffrey agus James McCarthy a fheiceáil i mbun catha go háirithe nuair a smaoiním siar ar ghorta na Dubs le linn na mblianta 1983-1994 agus 1996-2011. Ní cheapfadh aoinne riamh thiar sna blianta sin go mbuafadh na Dubs Craobh na hÉireann don cheathrú huair i ndiaidh a chéile in aghaidh Thír Eoghain, Dé Domhnaigh seo caite, 2 Meán Fómhair, 2018 – gan a bheith ag trácht ar an séú ceann taobh istigh de ocht mbliana! Bíodh meas againn ar na laethanta iontacha seo. Ní mhairfidh siad go deo.

Tír Eoghain

Tá foireann bhreá óg ag Tír Eoghain agus beidh laethanta móra eile acu sna blianta amach romhainn. Ná bíodh aon amhras ann faoi sin. Thosaigh siad an cluiche seo go maith agus d’éirigh leo gabháil ceithre chúilín chun tosaigh théis 15 nóiméad. D’aimsigh na Dubs 2-04 sa dara cuid den chéad leath, áfach, agus cheap go leor go mbeadh lá an-éasca ag foireann na príomhchathrach. Choinnigh foireann Mickey Harte orthu, mar sin féin, agus d’fhan siad i bhfoisceacht dhá scór de na Dubs go dtí an deireadh.

GG 2 Cr

Tabharfaidh sé sin misneach do Thír Eoghain. D’fhan imreoirí chontae Uí Néill amuigh ar an bpáirc go dtí go ndeachaigh na Dubs féin isteach théis dóibh a bheith ag ceiliúradh. Is léir go bhfuil siad ag iarraidh an phian a úsáid lena spreagadh don chéad bhliain eile. Rinne Ciarán McGeaney rud cosúil leis sin thiar i 2003 théis do Ard Mhacha cailleadh in aghaidh Thír Eoghain.

An Chéad Leath

Bhí tús iontach ag Tír Eoghain leis an gcluiche seo. Leag siad síos luas an chluiche agus thóg sé píosa ar na Dubs socrú. Taobh istigh de 15 nóiméad bhí na hUltaigh chun tosaigh ar scór 0-05 go dtí 0-01. Conor McAliskey le péire, Peter Harte, Mark Bradley agus Tiernan McCann a fuair scóranna Thír Eoghain agus Dean Rock a fuair scór na Dubs ó chic saor.

Dhúisigh na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus d’éirigh leo 2-04 aimsiú idir an 17ú agus 27ú nóiméad. Níor aimsigh Tír Eoghain ach scór amháin le linn an ama sin. D’fhág sé na Dubs chun tosaigh ar scór 2-05 go dtí 0-06. Ba iad Paul Mannion agus Niall Scully a fuair cúil na Dubs agus ba ó chic éirice a d’aimsigh Mannion a cheannsa. Rock, Ciarán Kilkenny agus Jack McCaffrey a fuair cúilíní Átha Cliath agus Cathal McShane a fuair scór Thír Eoghain. Chríochnaigh Áth Cliath an leath le dhá chúilín eile ó Rock. Scór leathama: Áth Cliath 2-07 Tír Eoghain 0-06.

An Dara Leath

Bhí go leor ann a cheap go mbeadh dara leath an-éasca ag na Dubs agus go mbeadh bua an-chompordach acu. Tá Tír Eoghain i bhfad rómhaith, áfach, agus throid siad go díograiseach agus go díocasach sa dara leath. Fuair siad an chéad dá scór sa dara leath, rud a ‘speáin do na Dubs nach mbeadh aon rud éasca acu. Mhalartaigh na foirne scóranna ina dhiaidh sin agus d’éirigh leis na Dubs fanacht sé nó seacht scór chun tosaigh go dtí gur aimsigh Peter Harte cic éirice sa 66ú nóiméad. Tharraing Philly McMahon Colm Cavanagh anuas agus ní raibh aon rogha ag an réiteoir, Conor Lane, ach cic éirice a bhronnadh ar Thír Eoghain.

GG 3 Cr

D’aimsigh Lee Brennan cúilín trí nóiméad ina dhiaidh sin rud a d’fhág ceithre chúilín idir na foirne tar éis seachtó nóiméad. Chríochnaigh na Dubs go láidir, áfach, agus d’éirigh leo trí cinn den cheithre chúilín a aimsíodh in am cúitimh gortaithe a fháil. I measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath bhí Brian Fenton, Brian Howard, Kilkenny, Mannion, Rock, McManamon agus Michael Darragh Macauley. Scór deiridh: Áth Cliath 2-17 Tír Eoghain 1-14

Laochra Átha Cliath

Céard is féidir a rá faoin bhfoireann seo nár dúradh cheana? Tá meas mór acu ar na héachtaí atá á mbaint amach acu agus tá sé sin le feiceáil go soiléir ón gceiliúradh a rinne na Dubs théis an chluiche. Táthar ann a deir gur cuma leis na Dubs faoi na buanna seo. Tá dul amú orthu. Tá foireann lán de laochra agus de ghaiscígh ag na Dubs agus tuigeann siad go maith céard atá á bhaint amach acu. Déanaimis ceiliúradh orthu. Ní mhairfidh na laethanta iontacha seo go deo.

GG 1 Cr 1

A leithéid de fhoireann, a leithéid de bhliain. Ar aghaidh linn na Dubs abú.

*Grianghraif ó Dharagh Ó Tuama

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, C O’Sullivan, J Cooper, J Small, E Murchan, J McCaffrey (0-01), B Fenton (0-02), J McCarthy, N Scully (1-00), C O’Callaghan, B Howard (0-01), P Mannion (1-01), C Kilkenny (0-03), D Rock (0-07)

Ionadaithe: M Fitzsimons do C O’Sullivan, C Costello do N Scully, K McManamon (0-01) do P Mannion, D Daly do E Murchan, E Lowndes do J Cooper, MD Macauley (0-01) do D Rock

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s