Imreoir na Bliana Le Bronnadh Ar Bhleá Cliathach i mBliana!

Fógraíodh gearrliosta ‘Imreoir na Bliana’ an tseachtain seo agus, don chéad uair le trí bliana anuas, beidh an gradam le bronnadh ar Bhleá Cliathach. Is iad Ciarán Kilkenny, Brian Fenton agus Jack McCaffrey atá sa rása. Idir seo agus an bronnadh ar an Aoine, 2 Samhain, beidh deis ag imreoirí idirchontae fud fad na tíre vóta a chaitheamh dá rogha imreora den triúr.

kilkenny

Brian Fenton

Is imreoir damanta maith é Brian Fenton agus tá sé deacair a chreidiúint nach bhfuil oiread is cluiche amháin craoibhe caillte aige ó d’imir sé leis na Dubs don chéad uair sa mbliain 2015 in aghaidh an Longfoirt. Ó shin i leith tá 27 cluiche craoibhe imeartha ag na Dubs gan chailleadh.

Jack McCaffrey

Tá cás mór ann, freisin, do Jack McCaffrey ach níor imir Jack le linn na sraithe de bharr gortaithe. An mbeidh tionchar aige sin ar vótóirí? An mbeadh sé ceart é a thabhairt dó dá bharr sin? Beidh le feiceáil. Sárimreoir atá ann agus bhí tionchar mór aige ar na cluichí uilig a d’imir sé tar éis dó filleadh ón ngortú.

Ciarán Kilkenny

Is ceannaire é Ciarán Kilkenny agus bíonn sé lárnach i ngach bua a bhíonn ag na Dubs. D’aimsigh sé 2-21 díreach ón imirt le linn na craoibhe i mbliana. 2-16 a d’aimsigh sé le linn na sraithe. Laoch agus gaiscíoch é agus tá ardmheas ag Gaeil air de bharr gur thug sé droim láimhe do Hawthorn agus don AFL le Craobhacha uile-Éireann a bhuachan leis na Dubs. Is é Ciaran Kilkenny an t-imreoir is fearr sa tír le cúpla bliain anuas agus is é mo rogha féin le haghaidh Imreoir na Bliana.

Imreoir Óg na Bliana

Triúr a raibh bliain iontach acu atá roghnaithe do Ghradam ‘Imreoir Óg na Bliana, freisin. Roghnaíodh cúlaí Thír Eoghain, Michael McKernan, mar aitheantas ar a chuid éachtaí sa líne lánchúil do Thír Eoghain i mbliana. Roghnaíodh réalta mhór Chiarraí, David Clifford, de bharr a chuid gaiscí scórála le linn na craoibhe, ach go háirithe, agus roghnaíodh Brian Howard de bharr go raibh sé iontach do na Dubs ó thús go deireadh na bliana.

Na Sárimreoirí

D’imir Howard i 16 den 18 cluiche a d’imir na Dubs i mbliana agus is iomaí gradam ‘Laoch na hImeartha’ a bronnadh air mar aitheantas ar a chuid taispeántas sna cluichí sin. Níl aon amhras faoi ach gur imreoir fíoreisceachtúil é Clifford agus go raibh an-bhliain aige, ach, ní fhéadfaí an gradam seo a thabhairt do dhuine ar bith seachas Howard. A leithéid de bhliain a bhí aige. Níl sé ach 21 ach tá sé ar dhuine de na cinnirí is mó atá ag na Dubs.

Ainmniúchán Iomána do Chris Crummey

Ábhar ceiliúrtha eile do na Dubs is ea ainmniúchán Chris Crummey, captaen iomána Átha Cliath, do na gradaim iomána. D’éirigh le foireann Pat Gilroy dul chun cinn a dhéanamh i mbliana agus Crummey ag tús cadhnaíochta. Tá an t-aitheantas seo tuillte aige, cé gur beag seans atá aige gradam a bhuachaint.

Gradaim na Sárimreoirí 1-15

Ainmníodh 12 Dub ar Ghearrliosta Ghradaim na Sárimreoirí agus bheifeá ag súil go bhfaigheadh na Dubs seacht nó gcinn acu sin. Tugadh ainmniúcháin do Stephen Cluxton, Jonny Cooper, Jack McCaffrey, Eoin Murchan, James McCarthy, Brian Fenton, Niall Scully, Ciarán Kilkenny, Brian Howard, Paul Mannion, Dean Rock agus do Con O’Callaghan mar aitheantas ar a gcuid éachtaí le linn na bliana.

Bhí an-bhliain go deo ag Rory Beggan. Idir a chuid scóranna agus a chuid ciceanna amach sheas sé amach go mór i mbliana. Níl aon amhras faoi ach gur imreoir fíorthábhachtach é fear na Botha do fhoireann Mhuineacháin. Mar sin féin, bhí Stephen Cluxton mar chuid de fhoireann a bhuaigh an tSraith Náisiúnta, Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann i mbliana. Ní hamháin sin, ach bhí tionchar ollmhór aige ar an bhfoireann agus ar an gcaoi ar imir an fhoireann le linn na mbuanna sin.

Cé go ndéarfadh go leor go bhfuil faillí á déanamh agam ar Beggan anseo feictear dhom go bhfuil an gradam seo tuillte ag Cluxton, cé nach raibh ach oiread na fríde idir an bheirt acu. Tá Clucko ar dhuine de na himreoirí is fearr a d’imir an cluiche riamh. Ní raibh a leithéid de thionchar ag aon imreoir eile ar an mbealach a n-imrítear an cluiche is a bhí ag fear Pharnells. Tá sé deacair a chreidiúint nach bhfuil ach dhá Ghradam Sárimreora buaite aige ó 2011 i leith.

o-thoabh-an-gaa

Uimhir 14

Bhí an-bhliain ag Damian Comer agus is cinnte nach mbeadh cluiche ceannais na Sraithe bainte amach acu gan é. Mar sin féin, feictear dhom go bhfuil gradam tuillte ag Conor McManus.

Na Gradaim Sárimreoirí – Mar a Roghnóinn Féin Iad

  1. Stephen Cluxton (Áth Cliath)
  2. Eoghan Bán Gallagher (Dún na nGall)
  3. Drew Wylie (Muineachán)
  4. Jonny Cooper (Áth Cliath)
  5. Tiernan McCann (Tír Eoghain)
  6. James McCarthy (Áth Cliath)
  7. Jack McCaffrey (Áth Cliath)
  8. Brian Fenton (Áth Cliath)
  9. Colm Cavanagh (Tír Eoghain)
  10. Shane Walsh (Gaillimh)
  11. Ciarán Kilkenny (Áth Cliath)
  12. Brian Howard (Áth Cliath)
  13. David Clifford (Ciarraí)
  14. Conor McManus (Muineachán)
  15. Paul Mannion (Áth Cliath)
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s