Ré Pat Gilroy Tagtha Chun Deiridh

Briseadh an scéal aréir go bhfuil Pat Gilroy tar éis éirí as a ról mar bhainisteoir ar fhoireanna iomána Átha Cliath. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil an scéal seo tar éis teacht aniar aduaidh ar lucht leanta na príomhchathrach.

Ác v An Mhí Gilroy

Tar éis bliain amháin a chaitheamh mar bhainisteoir ar na hiománaithe d’fhógair Gilroy nach raibh aon rogha aige ach éirí as de bharr cúinsí oibre. De réir dealraimh, caithfidh Gilroy go leor dá chuid oibre a dhéanamh thar lear an bhliain seo chugainn agus is é sin is cúis lena éirí as. Drochscéal amach is amach, ar ndóigh, do lucht leanta iománaithe Átha Cliath.

I ráiteas a d’eisigh Coiste Bhord Contae Átha Cliath aréir dúirt Cathaoirleach an Choiste, Sean Shanley, ann go dtabharfar faoin bpost a líonadh go luath. D’aithin sé an dul chun cinn mór a rinne Gilroy is a fhoireann bainistíochta le bliain anuas agus ghabh sé buíochas leis.

Bhí go leor den tuairim go raibh an taoide casta ag iománaithe Átha Cliath leis an dul chun cinn a rinne siad anuraidh. In ainneoin nár bhuaigh siad ach cluiche amháin craoibhe ní raibh ach poc sliotair idir Áth Cliath agus Cill Chainnigh, Loch Garman agus Gaillimh, nuair a d’imir siad in aghaidh a chéile. Thug éachtaí fhoireann óg na Dubs dóchas dá lucht leanta an athuair.

Cé nach bhfuil i go leor den chaint atá á déanamh inniu ar na meáin shóisialta ach ‘dúirt bean liom gur dhúirt bean léi’ tá ainmneacha Mattie Kenny agus Anthony Cunningham á lua go forleathan le teacht i gcomharbacht ar Gilroy. Cá bhfios ach go bhfaigheadh an bheirt acu an jab!

Buíochas leat arís eile, a Phat. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s